Blag Ghearóid

Monday, January 23, 2006

Lapa mo mhná.

Seachain ón nDomhnach seo caite bhí Mary ag súgradh le Poppy, ár ngariníon sa gháirdin. Tá patio againn ann agus bhí sé sleamhain de bharr caonach a bheith air. Pé scéal é go bhuail sí cic ar liathróid, do shleamnaigh agus do bhris go dona caol a láimhe clé, briseadh Colles. Bhí orthu bioráin a chur ann agus ní féidir léi mórán a dhéanamh, go mórmhór ní féidir léi rothaíocht. Cuireann an plástar isteach uirthi cuid mhaith, ach ní buan an rud é.

Tuesday, January 10, 2006

Tá an diabhal thiar ar an aimsir.

I gcaitheamh na Nollag bhí an aimsir cuíosach gruama, ach le roinnt laethanta anuas tá sé an-fhliuch agus an ghaoth ardaithe chomh maith inniu. Ní haon ionadh gur dual don nGael an gearán is an clamhsán agus é ag cur suas le buaine na síne.

"Anois teacht an Earraigh beidh an lá ag dul chun síne"

Sin ba chóir go scríofaí fadó seachas chun síneadh.

Sunday, January 08, 2006

Baisteadh Zoe.

Tá iníon liom, Rósailín pósta le Keith MacEoghain agus baisteadh a tarna hiníon, Zoe inné i mBun an tSabhairne Co.Chorcaí. Poppy is ainm don chéad pháiste is táid araon go hálainn. Ainmneacha breátha Gaelacha ar nóin! Bíodh san mar atá, baisteadh í in Eaglais Phrotastúnach Bhun an tSabhairne mar Protastúnach is ea Keith (bhuel Págánaigh is ea an bheirt acu, amhail mise!) ach oireann an Protastúnachas dóibh agus níor chóir do thuismitheoirí a ladar a shá i ngnó a bpáistí ar chor ar bith.
Bhí an searmanas fada go leor, chomh fada le haifreann fada, ach go deas. Ana-chuid amhránaíochta. Iomainn nár aithníos don chuid is mó, agus mar is gnáth domhsa, ro-ard chun go gcanfainn féin le compord!
Ina dhiaidh sin bhuaileamar isteach i dtig Rósailín agus Keith mar a raibh cóisir dheas againn le bia folláin, roinnt fíona agus caidreamh. Ghlacas féin roinnt pictiúirí deasa mar is breá liom griangrafadóireacht. Bhí páistí Philib agus Yvette ann agus táid an-ghleoite. Feic

http://www.pbase.com/gearoidmuar/zozos_christening

Saturday, January 07, 2006

Cuaird leithinis Charn Uí Néid le rothar inniu

Ghabhas féin agus mo chara Mícheál Ó Liatháin le carr go dtí Dubhros gar do Bheanntraí agus ansan le rothar ó dheas míle go leith agus ar chlé bothar ard cung iomardúil go maith ar an dtaobh thuaidh de Shliabh Gabriel síos isteach go Béal Átha an Dá Chab, ansan fan an chósta trí Rosbrin go dtí Scoil Mhuire, go Góilín agus go dtí an Cruachán. Sa bhall san bhí lón deas againn i dtabhairne Uí Shúilleabháin mar a mbíonn cóir mhaith. Bhí anraith beacán agam, ceapaire do thoinnín, scón agus tae. Bhíothas ag súil ann le scata capall dialaite agus ar ár slí i dtreo Barley Cove bhuaileamar leo. Bhí ceamara maith agam agus ghlacas griangrafanna díobh ag gabháil thart. Teastaíonn ó fhear i ngluaisteán a bhí i dtóin an mhórsiúil na pictiúirí a cheannach. Leanamar ar aghaidh fan chósta Thuaidh na Leithinise thar n-ais go dtí Dubhros. Bhí an aimsir cuíosach gruama agus bhí cúpla braon báistí ag titim. Bhíomar an-thuirseach ón mbóthar mar is bothar garbh é an fiche míle deireannach.

Friday, January 06, 2006

Ní fheadar an é seo chéadbhlag na Gaoluinne?

Do thánag ar an suíomh idirlíne so agus ní chreidfeá cé chomh fuirist is a bhí sé blag a chur ar siúl air. Níor thóg sé ach trí nó ceithre neomait.
Corcaíoch isea mise go bhfuil cónaí air sa chathair. Tógadh anso mé agus do chaitheas formhór dem shaol anso, ach tréimsí gearra i dTrá Lí, Baile Átha Cliath agus Lonndan Shasana.
Táim cúig bliana is leathchéad d'aois, fear pósta isea mé agus triúr clainne atá fásta agam. Tá beirt iníonacha iníne agam, agus ainmneacha breátha Gaelacha orthu, Poppy agus Zoe ach is breá liom ar fad iad.
Ní fheadar an léifidh éinne an rud so ?