Blag Ghearóid

Friday, January 06, 2006

Ní fheadar an é seo chéadbhlag na Gaoluinne?

Do thánag ar an suíomh idirlíne so agus ní chreidfeá cé chomh fuirist is a bhí sé blag a chur ar siúl air. Níor thóg sé ach trí nó ceithre neomait.
Corcaíoch isea mise go bhfuil cónaí air sa chathair. Tógadh anso mé agus do chaitheas formhór dem shaol anso, ach tréimsí gearra i dTrá Lí, Baile Átha Cliath agus Lonndan Shasana.
Táim cúig bliana is leathchéad d'aois, fear pósta isea mé agus triúr clainne atá fásta agam. Tá beirt iníonacha iníne agam, agus ainmneacha breátha Gaelacha orthu, Poppy agus Zoe ach is breá liom ar fad iad.
Ní fheadar an léifidh éinne an rud so ?

2 Comments:

At 9:00 PM, Blogger Cionaodh said...

A Ghearóid, Dia 's Muire dhuitse!

Do fuaireas an blag so inniubh, agus tá áthas an domhain orm do chuid Ghaoluinne a fheiscint!

Bíonn blag Gaoluinne agamsa leis -- nó deinim iarracht í a úsáid, ar aon chaoi. Bím im' fhoglaimeoir fós, agus i gcónaí. Beidh fáilte romhat ansan (agus roimh aon ceartúcháin agatsa dom).

 
At 6:53 AM, Blogger Séamas Poncán said...

Fáilte Uí Cheallaigh romhat, a Ghearóid. Níl tú i d'aonar, ná baol air! féach anseo

 

Post a Comment

<< Home