Blag Ghearóid

Tuesday, November 17, 2009

Eachtra Súntasach Dé Domhnaigh

Eachtra Suntasach Dé Domhnaigh.

Le fada an lá tá sé de nós ag ár ndream de rothaithe bualadh le chéile ag sean-dhroichead Jury’s ar Bhóthar an Iarthair ag a naoi, maidean Dé Domhnaigh. Bhíomair ann an Domhnach seo caite agus ar tí imeachta nuair a chonaiceamair an bhean san abhainn ar snámh gar don bhfalla. Ag an am gcéanna bhí beirt chailíní tar éis í a thabhairt fé ndear agus chonaiceamair duine acu ar an bhfón póca agus an tarna duine ag breith ar bhaoi tárrthála a bhí ann. An tráth san bhíodar fós ag druidim i dtreo an droichid. Ritheas féin chuig baoi tarrthála ar an taobh eile den ndroichead, bhaineas agus ligeas síos an baoi don mnaoi ag bhí ag druidim chugam.

“Deir sí ná tógfaidh sí é”, arsa duine desna cailíní “mar níl uaithi ach bás d’fháil”.

Labhras féin léi “Tóg é”. “Ní thógfad mar níl uaim ach bás d’fháil”. “Ná habair san. Tóg é. Braithfidh tú níos fearr sara bhfad”. Tost. “Tóg é, beir greim air”. Faic. “Tóg é” adúrt arís agus an misneach ag sleamhnú uaim. Ansan, “beir greim beag air”. Bhuel a leithéid, do dhein, agus greim maith leis.

Anois, bhíomair i bponc ceart. Bhí deich troithe d’fhalla ann, sruth láidir san abhainn, cora marfach daichead slat uaithi, gan chéimeanna sa chóngar.

“Cé a bheidh chugainn?” arsa mise le cailín na modhbeidhle. “Na Gardaí”. “Cuir glaoch ar Bhriogáid na Tine”, arsa mise, “mar is acu siúd a bheidh fearas ardaithe agus a leithéid.” Dhein sí amhlaidh

D’fhanamair ag feitheamh go heaglach ar feadh deich neomat gur tháinig na ridirí céanna. Trí mhótar, ceann acu le crann tógala agus le fearas tárrthala oiriúnach don gcruachás.

Ligeadh ridire amháin go raibh srathar air síos gur rug sé greim docht ar an mnaoi chun deimhin a dhéanamh de ná raghadh sí le sruth. Ansan bhaineadar úsáid as an gcrann tógála chun saghas sínteán mór, fear ar crocadh ar dhá thaobh de, a ligint síos. Chuir an triúr an bhean sa chiseán seo, mar a tugtar ar an rud i mBéarla, cé go bhfuil sé chomh dealraitheach le cat agus le ciseán, agus tógadh as an abhainn í. Isteach arís leis an gciseán chun ridire an tsrathair a thógaint agus bhí an gnó i gcrích.

Muna mbeimíst ann, bhí an bhean bhocht caillte.

Tuesday, May 13, 2008

Aimsir bhreá.

Tar  éis dúinn síon an gheimhridh agus an earraigh a chur dinn, tá aimsir bhreá againn fé dheireadh, cé gur rud luaineach é an aimsir seo 'gainne de ghnáth.
Fé láthair táim 'dir dhá chomhairle. Ní fheadar ar cheart dom éirí as mo phost nó a mhalairt. D'fhéadfainn éirí as i gcionn bliana, agus pinsean an-mhaith ag gabháil leis. Tá mo bheirt comhleacaithe cuíosach achrannach ó thaobh a modh oibre, agus cuirtear an iomarca ar mo dhromsa. Ní thuigid an méid a dheinim, ó thaobh ríomhaireachta de agus ó thaobh eagraithe de. Sé an t-aon mhoill atá orm ná hoiriúnódh an scor liom, b'fhéidir. Ní blastar bia roim é chur id' chlab. Sin í an deacracht!
Tá an lap níos fearr ná a bhí, cé go mbíonn pian in alt na cearthú méire go fóill, nuair a cuirtear brú dúnta uirthi. Measaim go bhfuil sí ag dul i bhfeabhas, ach go mall mall. Níor socraíodh gnó an árachais go fóill.

Saturday, February 09, 2008

Ón am a bualadh mé tá cúig mhí go leith curtha díom. Anois tá feidhm na méire gearrtha go maith cé ná fuil an cumas agam í a dhíriú i gceart. Sé an deacracht anois ná an ceathrú méar agus bíonn sí tinn tar éis í a oibriú, cé ná bíonn aon phian innti istoíche ná a leithéid. Go fóill bíonn an trí mhéar gortaithe go righin ar maidin. Bhí fear árachais i dteagmháil liom agus thairg sé méid áirithe orm, ach ní ghlacfad leis mar is dóigh liom go bhfuil sé píosa beag gann, d'réir mar atá léite agam.
Inniu do bhí Éire ag imirt i gcoinnibh na bhFroganna agus bhíodar na strainséirí go maith chun tosaigh ag leath-am, agus cheithre úd aimsithe acu. Ach sa tarna leath, gan súil leis, dhein ár ndream go han-mhaith agus ní raibh ach cúig phaointe eatarthu i ndeireadh thiar thall.
Cuireadh Mícheál Gealt MacEorais fé scian tamall ó shin, chun glúin saorga a chur ann agus cheana féin tá an pleidhce ag sciáil!. Nuair a dh'fhiafaíos de cad a dhéanfaí dá ndéanfaí praiseach den nglúin, dhein sé comhartha gearrtha trasna a cheathrún le grua a láimhe!
Ní hamadán go dtí é, ach staicín grinn chomh maith.

Thursday, November 15, 2007

Gortú

Ar an nDomhnach deireannach de mhí Lúnasa agus mé féin agus ceathrar cairde ag filleadh trí Waterloo tar éis rothaíocht go Mala, bhí mé féin agus Mícheál Ó Liatháin chun tosaigh ag gabháil thar charr páirceáilte nuair a tiomáineadh go hobann trasna orainn é agus leagadh Mick. Bhris cluasa mo rothair an fhuinneog tosaigh agus gearradh teannán sínte an tarna méar ar clé orm agus briseadh dhá mhéar eile go holc, tríd na haltanna. Anois, agus beagnach trí mhí curtha díom agam de shuaithearacht tinn agus mar sin, tá an dá mhéar bhriste cuíosach maith, cé go mbíd righin ar maidin, agus is mall an dul chun cinn sa mhéar gearrtha. Is dócha ná beidh ina ceart go deo, ach ag an am gcéanna is féidir liom clóbhualadh chomh maith is a dheineas riamh.
Ghéill comhlucht árachais an chailín a bhí a' tiomáint agus is dócha go bhfaighead ladhar maith airgid dá dheasca, ach b'fhearr liom mo lámh a bheith i gceart, rud nach féidir.

Thursday, May 03, 2007

Toghchán ag tarraingt orainn.

Fé dheireadh glaodh toghachán, ar an Déardaoin, rud ná hoireadh le micléinn agus daoine a fhanann in áit eile seachas a n-áit oibre, ag an deireadh seachtaine. Drochghníomh a haon ó lámh an Rialtais.
Tá Partlán Ó hEachaírn, Taoiseach tutbhalbh na tíre fé ana-theannas i dtaobh airgead a ghaibh thairis na blianta ó shin. Chuir an pleidhce sin Vincent Brown ardbhrú air inné ag preasócáid ina thaobh. Ana-spórt ag lucht leanúna na polaitaíochta.
Leanann an aimsir go hiontach. B'fhéidir sé seachtaine as a chéile de dhea-aimsir. Fear an tsiopa rothar gar dúinn, an mhí seo caite dhíol sé níos mó rothar ná aon mhí eile riamh. Thuigfeá.
Mé ag rothaíocht go mór fé láthair. Go dtí Cionn tSáile aréir le hAlbert. An Sasanach buailte go mór leis na ngalar dubhach fé láthair.
Táim féin agus Mary chun dul ar saoire go dtí Ayamonte seachtain ón lá inniu.

Monday, August 28, 2006

B'leá Cliath i gcoinnibh Mhaigh Eo.

Cé go bhfuil Corcaigh sa chluiche cheannais san iomáint an Domhnach seo chugainn, agus gur cuireadh ar a seacht ndícheall iad chun Port Láirge a chloí, agus go bhfuilid ar tí trí chraobh a bhaint as a chéile, dob é an cluiche thuas, Dé Domhnaigh cluiche na bliana go dtí so.

Tá droch-ainm ar Mhuigheo le tamall fada anuas mar shaighdiúirí i bPáirc an Chrócaigh agus trí bliana ó shín bhíodar go hainnis i gcoinnibh Chiarraí. Dob iad Bleá Cliath rogha gach údair ach thosnaigh Muigheo go maith le ceithre phaointe gan freagra. Ansan fé dheireadh thosnaigh Bleá Cliath ag scóráil. Ag leath-am bhí na Connachtaigh cúilín amháin os a gcionn.

Sa tarna leath bhí fuadar fé leaideanna na príomhchathrach agus d'aimsíodar cúl agus cúig cúilín gan bíogadh as na Muigheoigh.

Bhí na crúibíní san aer acu.

Ach, ambasa, ní raibh.

Thosnaigh an dea-imirt arís agus Cúchullainn Ó Dónaill go mór chun tosaigh, fear a d'aimsigh scór míorúilteach le cic fada ón dtaobhlíne sa chéad leath. Fé dheireadh fuair Cúchallainn scór na buaite le cic ana-chliathánach leis an gcos mhícheart agus d'fhan mar sin.

Ní fheaca le fada a leithéid de theacht aniar. An uair dheireannach a chonac, dob é Cill Chainnigh a dhein 1972 sa iomáint. Narbh amhlaidh an Domhnach seo chugainn le cúnamh Dé

Tuesday, August 08, 2006

An t-am ag sleamhnú thart.

Ón uair a bhlagas cheana tá roinnt ama imithe. Dheineas scrúdú aistriúchán Fhoras na Gaeilge agus cé gur bhraitheas gur dheineas go maith, theip orm. Táim tar éis cur ina choinnibh agus is é mo mheas gur easpa Gaoluinne ar thaobh an cheartaitheora an deacracht. Táim lán-chinnte gur fearr go mór mo chuid aistriúcháin féin ná an chuid is mó den ráiméis a chímíd go rialta ar na nuachtáin, cac ná tuigfeadh aon Ghaelgeoir ceart.
Tá an samhradh tar éis a bheith ana-the agus chaitheas seachtain i ndeisceart na Spáinne le Mary agus bhí ana-bhrothall ar fad ansan. Chuamair ag rothaíocht chomh maith mí an Mheitheamh i Northumberland agus in Albain. Ní raibh Northumberland ach cuíosach, seachas Falla Hadrian agus sléibhte na bPennines, ach bhaineamair an-tsásamh as an dturas ó Bherwick On Tweed go Dún Éadain, as ár gcuairt ar an gcathair ársa san, agus ag tús ár dturais as cathair Durham.