Blag Ghearóid

Sunday, May 07, 2006

Bhíomair sa Spáinn an tseachtain seo caite ar feadh cúig lá chun ár n-árasán nó in Ayamonte a fheiscint. Tá sé i mbloc árasán ar imeall mhachaire gailf leathslí idir bhaile Ayamonte agus an tráigh. Áit ciúin is ea é, linn snámha 33 méadar ar fhaid, i gclós dúnta. Níl gach aon rud réitithe go fóill agus de dheasca túplaise i leith eocracha ní raibh aon chuisneoir ná troscán cistineach againn. Bhí an aimsir thar barr. Chuamair ar gheábh maith rothaíocht lá amháin ó thuaidh to San Lucar de Guadiana, thar abhainn i mbáidín farantóireachta go dtí Alcoutim na Poirtingéile agus ó dheas go dtí Vila Real atá ar aghaidh Ayamonte amach trasna na habhann. An lá san bhí brothall de 28C ann agus bhíos tuirseach ón chuaird so iomardúil go maith.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home