Blag Ghearóid

Monday, June 05, 2006

An samhradh linn fé dheireadh.

De ghnáth ní róbhreá an aimsir a bhíonn againn i dtírín beag so na nGael, agus go dtí seachtain ó shin do bhí aimsir ana-ghránna againn le hana-chuid báistí agus fuacht chomh maith, ach le seachtain anuas níl againn ach brothall. Tá deireadh seachtain an Mheithimh againn anois agus bhíos amuigh ag rothaíocht Dé Satharainn agus inné. Dé Satharainn chuas go dtí Cionn tSáile lem mhnaoi Mary agus chaitheamair lón deas i mbialann Vista ar an gcé. Bhí an áit dubh le daoine. Inné do rothaíos tré Reidhleán agus Baile na Graí go dtí Mogh Cromtha le Mick Lehane agus bhí béile breá d'arán rua in ostán an Chaisleáin againn. Táim tuirseach go maith inniu de bharr déine na rothaíochta inné. Ní dhéanfad faic inniu ach mo thóin a scríobadh is dócha!