Eachtra Súntasach Dé Domhnaigh
Eachtra Suntasach Dé Domhnaigh.
Le fada an lá tá sé de nós ag ár ndream de rothaithe bualadh le chéile ag sean-dhroichead Jury’s ar Bhóthar an Iarthair ag a naoi, maidean Dé Domhnaigh. Bhíomair ann an Domhnach seo caite agus ar tí imeachta nuair a chonaiceamair an bhean san abhainn ar snámh gar don bhfalla. Ag an am gcéanna bhí beirt chailíní tar éis í a thabhairt fé ndear agus chonaiceamair duine acu ar an bhfón póca agus an tarna duine ag breith ar bhaoi tárrthála a bhí ann. An tráth san bhíodar fós ag druidim i dtreo an droichid. Ritheas féin chuig baoi tarrthála ar an taobh eile den ndroichead, bhaineas agus ligeas síos an baoi don mnaoi ag bhí ag druidim chugam.
“Deir sí ná tógfaidh sí é”, arsa duine desna cailíní “mar níl uaithi ach bás d’fháil”.
Labhras féin léi “Tóg é”. “Ní thógfad mar níl uaim ach bás d’fháil”. “Ná habair san. Tóg é. Braithfidh tú níos fearr sara bhfad”. Tost. “Tóg é, beir greim air”. Faic. “Tóg é” adúrt arís agus an misneach ag sleamhnú uaim. Ansan, “beir greim beag air”. Bhuel a leithéid, do dhein, agus greim maith leis.
Anois, bhíomair i bponc ceart. Bhí deich troithe d’fhalla ann, sruth láidir san abhainn, cora marfach daichead slat uaithi, gan chéimeanna sa chóngar.
“Cé a bheidh chugainn?” arsa mise le cailín na modhbeidhle. “Na Gardaí”. “Cuir glaoch ar Bhriogáid na Tine”, arsa mise, “mar is acu siúd a bheidh fearas ardaithe agus a leithéid.” Dhein sí amhlaidh
D’fhanamair ag feitheamh go heaglach ar feadh deich neomat gur tháinig na ridirí céanna. Trí mhótar, ceann acu le crann tógala agus le fearas tárrthala oiriúnach don gcruachás.
Ligeadh ridire amháin go raibh srathar air síos gur rug sé greim docht ar an mnaoi chun deimhin a dhéanamh de ná raghadh sí le sruth. Ansan bhaineadar úsáid as an gcrann tógála chun saghas sínteán mór, fear ar crocadh ar dhá thaobh de, a ligint síos. Chuir an triúr an bhean sa chiseán seo, mar a tugtar ar an rud i mBéarla, cé go bhfuil sé chomh dealraitheach le cat agus le ciseán, agus tógadh as an abhainn í. Isteach arís leis an gciseán chun ridire an tsrathair a thógaint agus bhí an gnó i gcrích.
Muna mbeimíst ann, bhí an bhean bhocht caillte.