Blag Ghearóid

Monday, August 28, 2006

B'leá Cliath i gcoinnibh Mhaigh Eo.

Cé go bhfuil Corcaigh sa chluiche cheannais san iomáint an Domhnach seo chugainn, agus gur cuireadh ar a seacht ndícheall iad chun Port Láirge a chloí, agus go bhfuilid ar tí trí chraobh a bhaint as a chéile, dob é an cluiche thuas, Dé Domhnaigh cluiche na bliana go dtí so.

Tá droch-ainm ar Mhuigheo le tamall fada anuas mar shaighdiúirí i bPáirc an Chrócaigh agus trí bliana ó shín bhíodar go hainnis i gcoinnibh Chiarraí. Dob iad Bleá Cliath rogha gach údair ach thosnaigh Muigheo go maith le ceithre phaointe gan freagra. Ansan fé dheireadh thosnaigh Bleá Cliath ag scóráil. Ag leath-am bhí na Connachtaigh cúilín amháin os a gcionn.

Sa tarna leath bhí fuadar fé leaideanna na príomhchathrach agus d'aimsíodar cúl agus cúig cúilín gan bíogadh as na Muigheoigh.

Bhí na crúibíní san aer acu.

Ach, ambasa, ní raibh.

Thosnaigh an dea-imirt arís agus Cúchullainn Ó Dónaill go mór chun tosaigh, fear a d'aimsigh scór míorúilteach le cic fada ón dtaobhlíne sa chéad leath. Fé dheireadh fuair Cúchallainn scór na buaite le cic ana-chliathánach leis an gcos mhícheart agus d'fhan mar sin.

Ní fheaca le fada a leithéid de theacht aniar. An uair dheireannach a chonac, dob é Cill Chainnigh a dhein 1972 sa iomáint. Narbh amhlaidh an Domhnach seo chugainn le cúnamh Dé

Tuesday, August 08, 2006

An t-am ag sleamhnú thart.

Ón uair a bhlagas cheana tá roinnt ama imithe. Dheineas scrúdú aistriúchán Fhoras na Gaeilge agus cé gur bhraitheas gur dheineas go maith, theip orm. Táim tar éis cur ina choinnibh agus is é mo mheas gur easpa Gaoluinne ar thaobh an cheartaitheora an deacracht. Táim lán-chinnte gur fearr go mór mo chuid aistriúcháin féin ná an chuid is mó den ráiméis a chímíd go rialta ar na nuachtáin, cac ná tuigfeadh aon Ghaelgeoir ceart.
Tá an samhradh tar éis a bheith ana-the agus chaitheas seachtain i ndeisceart na Spáinne le Mary agus bhí ana-bhrothall ar fad ansan. Chuamair ag rothaíocht chomh maith mí an Mheitheamh i Northumberland agus in Albain. Ní raibh Northumberland ach cuíosach, seachas Falla Hadrian agus sléibhte na bPennines, ach bhaineamair an-tsásamh as an dturas ó Bherwick On Tweed go Dún Éadain, as ár gcuairt ar an gcathair ársa san, agus ag tús ár dturais as cathair Durham.