Blag Ghearóid

Wednesday, April 12, 2006

Srúdú um shéala creidiúnaithe d'aistriúchán.

Dé Sathairn seo caite bhíos ag fanacht thar oíche i mBaile Átha Cliath tar éis lá a chaiteamh ag cruinniú leighis in Ospidéal Mater ann agus léimeas ar an Luas, sin tram a ghabhann thar Stáisiún Traenach Heuston amach go dtí Tamhlacht. Is in Institiúid Teicneolaíocht sa bhall san a bheadh an scrúdú. Chonac bean óg ag léamh Séamas Ó Grianna ar an dtram agus bhuaileas bleid uirthi. Beulah Croker ab ainm di, togha na Gaeilge aici. Dob as Gaoth Dobhair di, ach cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath le 9 mbliana.
Shroicheamair an áit agus bhí timpeall cheithre scór duine ag déanamh an scrúdaithe i seomra mór ríomhairí. Bhí an-dhroch-eagar ar an scrúdú ar maidin ach sa tráthnóna mholas féin athrú ar an ndáileadh dioscaí dóibh agus ba mhire go mór gluaiseacht scrúdaithe.
Níor mheasas go raibh an scrúdú ró-dheacair, ach b'fhéidir go raibh rudaí caola ann nár bhraitheas. Beidh fáil ar na torthaí roimh dheideadh Mhí Bealtaine.